Obair linn
Tá níos mó ná 9,000 duine fostaithe againn inár ngnó i rannóga ó phost go miondíol agus seirbhísí airgeadais. Bíonn earcaíocht inmheánacha agus seachtrach againn leis na poist seo a leanas a líonadh:
- Poist ag leibhéal iontrála
- Poist do chéimithe
- Poist ghairmiúla i ndíolachán, margaíocht, airgeadas, TF agus poist theicniúla
- Poist shealadacha
Deiseanna miondíola
Bímid i gcónaí ag faire amach le haghaidh comhpháirtithe miondíola le cabhrú linn ár líonra náisiúnta oifigí poist a reáchtáil. Faigh amach conas dul i bpáirt le ceann de na brandaí is mó in ̇Éirinn.
Nósanna Imeachta Earcaíochta
Iarraimid iarratais ar líne le haghaidh post atá le líonadh, trí ghníomhaireachtaí earcaíochta agus tríd an Údarás Breisoideachais agus Oiliúna SOLAS. Déantar earcaíocht inmheánach chomh maith trí fhógraí oifige agus ciorcláin na cuideachta.
Is fostóir comhdheiseanna muid agus roghnaímid ár bhfostaithe trí phróiseas iomaíoch le trialacha mianaigh, agallaimh, scrúduithe leighis, imréiteach slándála agus seiceáil teistiméireachta. Ní mór d'iarrthóirí a bheith i dteideal obair in Éirinn agus na bunriachtanais a leanas a shásamh:
- Leibhéal maith Béarla scríofa agus labhartha
- Scileanna maithe seirbhís chustaiméara agus idirphearsanta
- Scileanna maithe oibre foirne
- Bunscileanna ríomhaireachta
Ár gclár do chéimithe
Tá 10 ndeis lainseála gairme ag GradPosts, clár fostaíochta An Post do chéimithe, do chéimithe uaillmhianacha in Innealtóireacht Phróisis, Ainilísíocht Ghnó, Oibríochtaí Digiteacha, Soláthair, Líonra agus Iompair, Bainistíocht Timpeallachta agus TF. Tá sé ar oscailt do fhochéimithe atá sa bhliain dheireanach agus dóibh siúd a fuair céim in 2018 agus 2019. Breis eolais i dtaobh GradPosts.