Skip to main content
placeholdeFemale post operative holding An Post postcardsr

Cathracha agus Pobail inbhuanaithe

Déan difríocht dhearfach do na pobail a ndéanaimid freastal orthu.

Forbhreathnú

Táimid ag obair i gcroílár gach pobail agus tuiscint dá réir againn ar a thábhacht; tuigimid go mbaineann pobal le teagmháil bháúil a dhéanamh, fanacht i dteagmháil agus grá a sheoladh chuig a chéile; agus creidim go bhfuil sé de cheart ag gach duine a bheith san áireamh agus faoi bhláth. Leanaimid ar aghaidh lenár gcuid infheistíochta ionas go mairfidh na hOifigí Poist mar shócmhainní pobail agus mar chlocha coirnéil sna líonraí rathúla sóisialta seo, ag tabhairt rochtain éasca do phobail uirbeacha, tuaithe agus amach ón gcósta ar ár dtáirgí agus ár seirbhísí.
 

Image Alt Text

An t-aistear do dtí seo

Ag baint leasa as ár scileanna agus ár n-acmhainní uathúla, déanaimid ár ndícheall le tacú lenár bpobail ar gach slí atá ar fáil dúinn. Áirítear leis seo aire a thabhairt do na daoine is leochailí, tacaíocht a thabhairt do FBManna, leanaí a spreagadh chun a gcuid scileanna litearthachta a fhorbairt, tacú le dídeanaithe na hÚcráine agus iad ag teacht go tír nua agus deiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe.

Léigh tuilleadh faoin gcaoi ar sheachaid muid an SFI seo in 2022
Man holding an ipad with screen showing The Green Hub from An Post website.

Gnéscéal - An Post ag tacú le hÚcránaigh a tháinig go hÉirinn

Mar gheall ar an nasc lenár bpobail, táimid tuiscint ar leith againn ar a bhfuil ag tarlú agus conas is fearr freagairt, agus mar sin in 2022 dhírigh muid ár n-acmhainní ar an gcaoi is fearr le tacú le teifigh Úcránacha a tháinig go hÉirinn. D'aithníomar go tapa na bealaí praiticiúla inar féidir linn an strus a bhaineann le saol nua a thosú i dtír anaithnid a mhaolú.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar chéimeanna An Post chun tacú le hÚcránaigh a thagann go hÉirinn gliogáil anseo.
Smiling woman on a couch in front of net curtains with logo for NALA (National Adult Literacy Agency), An Post Irish book awards and #ReadersWanted.

Ag breathnú chun cinn

Ag breathnú ar aghaidh i ndiaidh 2022, leanfaimid orainn ag díriú ar dhifríocht dhearfach a dhéanamh sna pobail a ndéanaimid freastal orthu. Ónár dtionscnaimh fócas pobail chun tacú leo siúd atá ag streachailt le litearthacht i gcomhpháirtíocht leis an nGníomhaireacht Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh, Gnó sa Phobal agus Leabhair Pháistí Éireann.

Príomhréimsí fócais do 2023 agus ina dhiaidh sin
Smiling female An Post operative delivering a parcel

Fócas pobail

Is éard atá i gceist le pobail teagmháil bháúil a dhéanamh, fanacht i dteagmháil agus grá a sheoladh chuig a chéile.

Féach ar ár dtionscnaimh
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service