Bainistigh do chuid Airgid
Déan Buiséadú gan aon stró
Méadaigh do choigilteas le Prócaí Coigiltis agus cuir airgead ar leataobh le haghaidh spriocanna éagsúla, mar shampla carr a cheannach den chéad uair, saoire an tsamhraidh nó aon rud idir eatarthu!
Slánaigh Suas
Déan nós de bheith ag sábháil le gach ceannachán. Slánaigh do chaiteachas go huathoibríoch agus sábháil airgid agus tú ag ceannach
Reoigh do Chárta
Cárta ar iarraidh? Ná bíodh imní ort, is féidir é a reo agus a dhíreo ar an aip láithreach bonn
Bainisteoir Airgid
An bhfuil tú bréan den bhuiséadú? Socraigh agus cloí le buiséid agus rianaigh d'ioncam agus caiteachas go héasca leis an mBainisteoir Airgid/Money Manager.
Sparáin Dhigiteacha
Bí ag siopadóireacht gan stad, gan stró. Cuir Apple Pay, Google Pay nó FitBit Pay le do sparán digiteach agus déan ceannacháin gan dua.
Cuir slacht ar do chuid airgid
Le táillí bainc laghdaithe agus gnéithe atá éasca le húsáid, is féidir leat taitneamh a bhaint as gach rud a mbeifeá ag súil leis ó chuntas reatha pearsanta:
• Faigh do IBAN féin, Mastercard® dochair agus rochtain ar aip An Post Money le haghaidh baincéireachta áisiúil áit ar bith.
• Socraigh dochair dhíreacha, íocaíochtaí sceidealaithe agus aistrithe creidmheasa gan stró.
• Má chailltear nó má ghoidtear do chárta riamh, féadfaidh tú suas le €200 a fháil go tapa ó d’oifig an phoist áitiúil.
Cabhair & Tacaíocht
Faigh amach faoi chuntas reatha a oscailt, gnéithe an chuntais, baincéireacht ar líne, sábháilteacht agus tacaíocht do chustaiméirí.
Polasaí Príobháideachta an Chuntais ReathaTéarmaí & Coinníollacha an Chuntais ReathaTreoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta 2 (PSD2)Déan Cártaí Caillte/Goidte a Thuairisciú
Tá Téarmaí & Coinníollacha i bhfeidhm. Is é An Post a eisíonn Mastercard Dochair Chuntas Reatha An Post Money. Is trádmharc cláraithe é Mastercard, agus is trádmharc de chuid Mastercard International Incorporated é dearadh na gciorcal. Tá táille chothabhála mhíosúil i bhfeidhm. Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus tá sé á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann maidir le soláthar na seirbhísí sin.
Is trádmharcanna de chuid Apple Inc iad Apple Pay agus App Store, atá cláraithe sna SA agus i dtíortha eile. Is trádmharcanna de chuid Google LLC iad Google Play agus Google Pay. Is trádmharc cláraithe de chuid Fitbit, Inc. agus/nó a chleamhnaithe sna Stáit Aontaithe agus i dtíortha eile é Fitbit Pay.