Gradaim Leabhair Éireann An Post
Is iad Gradaim Leabhair Éireann An Post an ceiliúradh liteartha is mó in Éirinn. Tugann sé ardán do mheascán ilghnéitheach den scríbhneoireacht ó scríbhneoirí nua agus seanbhunaithe i 20 aicme éagsúla, ag tacú le gach rud ó úrscéalta agus neamhfhicsean go filíocht, gearrscéalta agus saothair i nGaeilge. |
Breathnaigh ar an searmanas ó 2022 |

Ár nUrraíocht
Tá An Post ina urraitheoir ar Ghradaim Leabhair na hÉireann ón mbliain 2018. Le ceithre bliana anuas, thugamar ardán do na leabhair is fearr in Éirinn sa tréimhe roimh an searmanas bronnta. Táimid bródúil as tacaíocht a thabhairt d’údair, maisitheoirí, foilsitheoirí agus siopaí leabhar áitiúla a spreagann sonas na léitheoireachta agus a roinneann leabhair le daoine idir óg agus aosta a bhfuil spéiseanna éagsúla acu. “Tá an focal scríofa lárnach in An Post agus is mór an ónóir dúinn é urraíocht a dhéanamh ar Ghradaim Leabhair na hÉireann. Cruthaíonn leabhair ceangail idir daoine agus déanann An Post an rud céanna. Roinnimid an grá atá againn do cheangail agus do phobail a chruthú.” arsa David McRedmond, POF An Post.

Ag Tacú leis an Litearthacht
Tacaímid leis an Áisíneacht Náisiúnta Litearthachta d’Aosaigh (NALA) le litearthacht, uimhearthacht agus teagasc digiteach do dhaoine fásta agus do theaghlaigh le breis agus deich mbliana anuas. Tóg an chéad chéim san aistear le filleadh ar an bhfoghlaim agus déan teagmháil le NALA inniu chun tuilleadh eolais a fháil maidir le tús a chur leis an bpróiseas. |

Ag tacú le Leabhair Leanaí Éirinn
Is carthanas náisiúnta agus eagraíocht ealaíona é Leabhair Pháistí Éireann a thugann tacaíocht do cheart gach linbh chun grá don léitheoireacht a fhorbairt. Tá tacaíocht tugtha againn do Leabhair Leanaí Éireann trí imeachtaí agus gníomhaíochtaí éagsúla chun spéis daoine óga a chothú i leabhair agus chun tuiscint níos fearr a chothú ar an tábhacht a bhaineann leis an léitheoireacht do dhaoine óga. |