- Baineann na téarmaí agus coinníollacha seo le Seirbhís Atreoraithe An Post (ar a dtugtar 'An tSeirbhís' feasta). Sna téarmaí agus coinníollacha seo tagraíonn an dara phearsa do iarratasóir(í) na seirbhíse agus an chéad phearsa do An Post, a bhfuil a oifig chláraithe aige ag Ard-Oifig an Phoist, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath 1, D01 F5P2.
- Níl an tSeirbhís ar fáil ach maidir le hearraí poist a ndearnadh iarracht iad a sheachadadh, agus a bhfuair an t-iarratasóir foirm "Tá brón orainn gur chaill muid tú" ina bhfuil an rogha chun leas a bhaint as an tSeirbhís seo áirithe go sonrach.
- Níl an tSeirbhís ar fáil ach maidir le hearraí poist a bhfuil an t-iarratasóir incháilithe dóibh, agus aontaíonn tú An Post a shlánú ó aon dliteanas a fhabhraítear do An Post le haghaidh úsáid na Seirbhíse i sárú an téarma seo.
- Teorainn ar Dhliteanas:
Tá ár ndliteanas as aon chaillteanas nó damáiste díreach a eascraíonn as an gconradh seo teoranta don táille a íoctar as an tSeirbhís. Ní bheimid faoi dhliteanas in aon chás mar gheall ar aon chaillteanas nó damáiste iarmhartach nó indíreach, lena n-áirítear gan teorannú, caillteanas ioncaim, úis, fóntais nó margaidh, cibé caoi a eascraíonn siad maidir leis an tSeirbhís. Ní bheidh dliteanas orainn maidir le haon fhaillí a dhéanaimid i bhfeidhmíocht na Seirbhíse. - Ní seirbhís seachadta ráthaithe ná cinnte ó thaobh am í an tSeirbhís. Ní thabharfaimid aon réamhfhógra maidir le hath-sheachadadh d'earra poist. Is meastacháin iad aon tagairtí d'amanna ionchais seachadta.
- Cé gur féidir le hearraí poist a bheith faoi réir go leanúnach ag téarmaí agus coinníollacha na Seirbhíse Bunaidh agus go bhféadfadh seoltóir an earra a bheith incháilithe do ghnéithe seirbhíse ar nós cumhdach árachais, rianú earraí agus/nó cruthúnas seachadta níl aon ghnéithe mar sin ar fáil Duitse ón tSeirbhís seo. Ciallaíonn "Seirbhís Bhunaidh" an tseirbhís poist lenar sheol an seoltóir aon earra poist lena n-áirítear Post Caighdeánach, Post Cláraithe, Mearphost, Mearphost le Síniú, agus Post Cúiréara.
- Ní thugann an tSeirbhís cruthúnas seachadta. Níl áis rianaithe san áireamh sa tSeirbhís ná ní chuirtear ar fáil í. Níl aon soláthar le haghaidh, nó teidlíocht do chumhdach árachais ná cúiteamh ar son aon teip seirbhíse a d'fhéadfadh tarlú agus tá dliteanas An Post duitse i gcás aon teip seirbhíse maidir le haon earra aonair poist teoranta don táille a íocadh ar son na Seirbhíse maidir leis an earra.
- Féadfaidh earraí poist a bhfuil muirir chustaim dlite orthu leas a bhaint as an tSeirbhís ach ní mór muirir chustaim a íoc nuair a fhaightear an t-earra má dhéantar athsheachadadh air chugat féin nó chuig do ghníomhaire ainmnithe. Ní féidir muirir chustaim a íoc ar líne.
9. Is iad seo a leanas na tréimhsí coinneála le haghaidh earraí poist nár seachadadh, a brath ar an gcineál earra.
- Is féidir Earra poist cláraithe in Éirinn (de bhunús na hÉireann) a choinneáil ar feadh 3 lá oibre sula gcuirtear ar ais chuig an seoltóir é: is é lá 1 an lá tar éis an fhoirm "Tá brón orainn gur chaill muid tú" a sheachadadh.
- Is féidir Earra poist idirnáisiúnta (de bhunús lasmuigh d'Éirinn) a choinneáil ar feadh 16 lá oibre sula gcuirtear ar ais chuig an seoltóir é: is é lá 1 an lá tar éis an fhoirm "Tá brón orainn gur chaill muid tú" a sheachadadh.
- Is féidir gach Earra poist eile a choinneáil ar feadh 5 lá oibre sula gcuirtear ar ais chuig an seoltóir é: is é lá 1 an lá tar éis an fhoirm "Tá brón orainn gur chaill muid tú" a sheachadadh.
10. Ní bheidh an tSeirbhís ar fáil má dhéanann tú iarratas ar an tSeirbhís tar éis 3.30pm ar Lá 2, 4, nó 15 den tréimhse coinneála, cibé teorainn, mar atá luaite thuas, is infheidhme. Sna cásanna sin, féadfaidh na hearraí poist atá i gceist a bheith ar fáil le bailiú ón bpointe bailithe atá sonraithe ar an bhfoirm "Tá brón orainn gur chaill muid tú" nó féadfaidh siad a bheith faoi réir ag nósanna imeachta seoltóra a bhaineann le gach earra poist nuair nach féidir seachadadh a dhéanamh.
11. Is féidir earraí poist a athsheachadadh chuig an seoladh bunaidh nó chuig seoladh malartach laistigh de Phoblacht na hÉireann. Cuirtear lipéad seolta nua ar gach earra poist atá le hathsheachadadh. Murar féidir earra poist a athsheachadadh go rathúil féadfar an t-earra poist a sheoladh ar ais chuig an seoltóir mar aon leis an lipéad seolta nua.
12. Ní féidir iarratas ar an tSeirbhís a dhéanamh ach aon uair amháin maidir le gach earra poist. Murar féidir earra a athsheachadadh chuig an seoladh atá sonraithe, cuirfear ar ais chuig an seoltóir é nuair is féidir. Ní bheidh sé indéanta bailiúchán earra poist a eagrú murar féidir é a athsheachadadh ag an seoladh sonraithe ach Féadfaimid, ar iarratas Uaitse, iarracht seachadta eile a dhéanamh ag an seoladh sonraithe.
13. Déanfar seoltaí atá soláthraithe Agat i d'iarratas ar an tSeirbhís a bhailíochtú sa Bhunachar Sonraí Lárnach Seoltaí (CAD). Má chinneann tú seoladh a iontráil de láimh, ní ghlacaimid le haon dliteanas ar son seoltaí neamhbhailí, míchruinne nó neamhiomlána.
14. Gearrtar muirear ar gach earra gan aird ar líon na n-earraí ar an bhfoirm "Tá Brón orainn gur chaill muid tú". Murar féidir linn an tSeirbhís a sholáthar Duit déanfar aon aisíoc atá dlite duit ar an gcaoi chéanna is a rinne tú d'íocaíocht linn ar dtús.
15. Táimid cúramach caitheamh le príobháideacht ár gcustaiméirí le cúram agus le haird chuí ar dhlíthe na hÉireann, lena n-áirítear an reachtaíocht um Chosaint Sonraí. Déanfaimid na sonraí a chuireann Tú ar fáil, lena n-áirítear do shonraí pearsanta agus íocaíochta, a úsáid agus a choinneáil d'fhonn an tSeirbhís a sholáthar amháin. Tá tuilleadh sonraí ar fáil i mbeartas Cosanta Sonraí An Post lena n-áirítear ár Ráiteas Príobháideachais agus ár mBeartas Gréasáin atá ar fáil ar shuíomh gréasáin An Post ag www.anpost.ie .
16. Má dhéanann tú iarratas ar an tSeirbhís agus má shonraíonn tú seoladh athsheachadta malartach agus má ainmníonn tú duine eile chomh maith a bhfuil a n-ainm le háireamh ar an lipéad seoltaí ní mór duit a chinntiú go bhfuil toiliú tugtha roimh ré ag an duine sin glacadh le seachadadh do phoist agus go bhfuil a n-ainm agus a seoladh ar taifead agus coinnithe ag An Post, agus coinneoidh An Post a sonraí pearsanta, in éineacht le do chuid féin, chun an tSeirbhís a sholáthar.
17. Do Shlánaíocht:
I gcomaoin na Seirbhíse seo a bheith á soláthar againn slánóidh tú Muid agus coinneoidh tú muid slánaithe go hiomlán agus go héifeachtúil ó agus i gcoinne aon chaillteanas, éileamh, damáiste, costas, muirear, speansas, dliteanas, éileamh, imeacht agus caingean a d'fhéadfaimis a fhulaingt nó a thabhadh agus iad uile, nó a d'fhéadfaí a thabhairt nó a bhunú inár gcoinne ag aon duine, a eascróidh as aon úsáid nó maidir le haon úsáid a bhaineann tú as an tSeirbhís de shárú aon cheann de na téarmaí agus coinníollacha seo.
18. Tá an comhaontú seo faoi riail ag dlíthe na hÉireann agus faoi réir ag dlínse eisiach na gcúirteanna Éireannacha.
19. Forchoimeádaimid an ceart chun iarratas ar an tSeirbhís a dhiúltú nó a chealú, a scor nó a chríochnú de réir ár lánrogha féin. In aon chás dá leithéid déanfaimid an táille a íocadh ar son na Seirbhíse a aisíoc de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha seo agus ní bheidh aon dliteanas breise againn i Do leith.