Skip to main content
Female holding clipboard doing inventory in warehouse setting.

Tuairisciú na hInbhuanaitheachta

Forbhreathnú

Tá sé fíorthábhachtach dúinn go mbíonn ár dtuairisciú inbhuanaitheachta trédhearcach agus inchreidte i gcónaí. Trí úsáid a bhaint as creataí chun treoir a thabhairt ar an gcaoi a ndéanaimid tuairisciú, is féidir linn na réimsí tionchair is mó atá againn agus an chaoi a n-aithnímid rioscaí agus deiseanna a roinnt go soiléir.

People with laptops open, taking notes.

Tuairisciú

Tá sé fíorthábhachtach dúinn faisnéis ábhartha agus chuntasach faoinár gcleachtais ghnó, faoinár slabhra soláthair agus ár ndaoine a roinnt mar go gcuireann sé ar ár gcumas ár ndul chun cinn a rianú, a bheith cuntasach as ár n-uaillmhianta agus foghlaim ónár ngníomhartha. Trí thuairisciú rialta chuig eagraíochtaí agus comhlachtaí,
déantar measúnú neamhspleách, tagarmharcáil agus deimhniú ar ár dul chun cinn.  Tá an bealach a ndéanaimid tuairisciú ag forbairt i gcónaí, ar aon dul leis timpeallacht tuairiscithe atá ag athrú ar leibhéil intíre, AE, agus domhanda. 

Léigh tuilleadh
Icon with large tick

Ár mballraíochtaí agus ár ndeimhnithe

Creidimid go láidir in An Post go bhfuil sé ríthábhachtach a bheith inár mbaill ghníomhacha de chomhlachtaí a thacaíonn le tionscnaimh inbhuanaitheachta, agus go bhfuil sé tábhachtach na deimhnithe ábhartha a ghnóthú d’fhonn móiminteam a choinneáil agus díriú ar ár spriocanna.

Féach ár mballraíochtaí agus ár ndeimhnithe
Icon of trophy

Ár ngradaim

Is údar bróid dúinn an t-aitheantas atá faighte ag ár ngníomhaíochtaí inbhuanaitheachta agus an rangú atá faighte ag An Post sna hEagraíochtaí is Inbhuanaithe in Éirinn (Innéacs Inbhuanaitheachta RepTrak na hÉireann) agus na gradaim éagsúla atá buaite againn in 2022, ar nós an gradam ‘Grand Prix’ sna gradaim Gnó Inbhuanaithe PwC Business Post, Gradaim Gnóthachtála Sármhaith i nGradaim Thionchair Inbhuanaitheachta Chambers Ireland agus Feabhas san Inbhuanaitheacht i mBainistiú Saoráidí. 

Féach ár nGradaim
Icon of pie chart

Rianú ár ndul chun cinn

Tá cuspóirí agus méadrachtaí sainaitheanta againn chun monatóireacht a dhéanamh ar ár ndul chun cinn maidir le gach ceann de na cúig SFI a bhfuilimid tiomanta dóibh. Ar mhaithe le trédhearcacht a chinntiú inár dtuairisciú, chuireamar táscaire san áireamh freisin maidir lenár measúnú reatha ar an dóchúlacht go mbainfear an cuspóir amach laistigh den chreat ama luaite. Aithnítear leis seo nádúr uaillmhianach a lán dár spriocanna.

Féach ar an gcaoi an ndéanaimid rianú ar ár ndul chun cinn.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service