Forbhreathnú
Creidimid in An Post go bhfuil sé de chumhacht ag focail an saol a athrú. Faoi láthair, tá deacracht ag duine as gach seisear duine fásta in Éirinn le faisnéis a léamh agus a thuiscint*. Cuireann sé seo srian ar a ndeiseanna sa saol. Is é sin an fáth go dtacaíonn An Post le hobair na Gníomhaireachta Náisiúnta Litearthachta d'Aosaigh chun feabhas a chur ar scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta daoine fásta. Tá oibrithe deonacha á gcumasú againn chomh maith le teagasc a thabhairt do dhaltaí bunscoile lenár gclár Am le Léamh An Post, arna sheachadadh ag Gnó sa Phobal in Éirinn, agus ar Lá Domhanda na Leabhar táimid ag obair le Leabhair Pháistí Éireann chun na mílte leabhar a sheachadadh saor in aisce do leanaí. Tá deiseanna á gcruthú againn do chách, ionas go bhfágfaidh gach duine a lorg.
Lá Domhanda na Leabhar á seachadadh ag An Post
Creidimid gur cheart go mbeadh gach leanbh in Éirinn in ann taitneamh a bhaint as an léitheoireacht. Sin é an fáth gur muide na comhpháirtithe seachadta oifigiúla do Lá Domhanda na Leabhar in Éirinn. Ní hamháin go mbeidh dearbháin leabhar á seachadadh chuig gach scoil ar fud na tíre, ach beidh 40,000 leabhar breise á seachadadh saor in aisce chuig leanaí ar an ngannchuid.