Money Mate

An Post Money Mate

Cárta dochair & aip do leanaí.1 


Múin scileanna airgid don saol do do chuid leanaí! 
Bain triail as saor in aisce ar feadh 3 mhí.2 


Download our app at the App Store Download our app on Google Play

Le An Post Money Mate, foghlaimíonn leanaí scileanna airgid agus fanann tuismitheoirí i gceannas

Description

Bainistigh

Cuidigh le do chuid leanaí foghlaim conas airgead a shaothrú, a shábháil agus a chaitheamh lena gcárta dochair agus aip féin.

Description

Saothraigh

Íoc go díreach isteach ina gcuntas nuair a dhéanann siad cúraimí tí.

Description

Sábháil

Múin dea-nósanna airgeadais do do chuid leanaí, ar nós conas airgead a shábháil le Prócaí chun airgead a chur ar leataobh. Socraigh spriocmhéideanna agus spriocdhátaí

Description

Caith

Is féidir le leanaí íoc go sábháilte i siopaí nó ar líne lena Mastercard® dochair gan tadhall féin.

Description

Déan Rianú

Faigh fógraí idirbhirt, ionas gur féidir leat súil a choinneáil ar a bhfuil á chaitheamh acu.

Description

Faigh rochtain ar do chuid airgid

Is féidir airgead a chur i dtaisce agus a aistarraingt ag oifig an phoist ar bith nó airgead a fháil ó UMB.

Gnéithe Táirge Money Mate

Oscail cuntas go héasca

Féach cé chomh simplí is atá sé cuntas Money Mate a oscailt le haip An Post Money.

Féach ar an bhfíseán

Sábháil airgead le Prócaí

Is féidir le do chuid leanaí airgead a chur ar leataobh sna Prócaí - ach ná bíodh imní ort, cinnfidh tusa an féidir leo an t-airgead a thógáil amach arís nó nach féidir.

Féach ar an bhfíseán

Saothraigh Airgid le Tascanna

Socraigh tascanna agus íoc do chuid leanaí tríd an aip as dea-obair a dhéanann siad

Féach ar an bhfíseán

Maoirseacht do thuismitheoirí

Bainistigh airgead do chuid leanaí go héasca tríd aip An Post Money

Description

Foláirimh

Socraigh fógraí idirbhirt agus féach achoimre sheachtainiúil

Description

Reoigh do chárta

Cuir an cárta dochair faoi ghlas mar gheall ar dhrochiompar nó go dtí go bhfaightear é.

Description

Prócaí

Féach an dul chun cinn i dtreo spriocanna coigiltis, agus ceadaigh caiteachas go héasca ó Phrócaí.

Description

Tascanna

Socraigh cúraimí tí agus ceadaigh íocaíocht nuair a bhíonn siad curtha i gcrích.

Description

Aistrigh Airgead

Aistrigh airgead láithreach agus déan liúntas rialta a sceidealú.3

Description

Caiteachas

Socraigh teorainneacha méideanna in aghaidh an idirbhirt agus na seachtaine.4

Conas cuntas a oscailt

Chun tús a chur leis, íoslódáil agus oscail aip An Post Money ar do ghuthán póca nó ar do tháibléad.


Ansin lean na treoracha ar an scáileán. Le haghaidh tuilleadh eolais féach conas cuntais An Post Money Mate a oscailt

Download our app at the App Store Download our app on Google Play

Ceisteanna coitianta

Polasaí Príobháideachais an Chuntais Reatha 
 
Téarmaí & Coinníollacha an Chuntais Reatha
Treoir maidir le Seirbhísí Íocaíochta 2 (PSD2)
Déan Cártaí Caillte/Goidte a Thuairisciú
 
 
 
  1. Ní féidir An Post Money Mate a oscailt do leanbh atá níos sine ná 15 bliana agus 6 mhí. Is féidir le custaiméirí os cionn 16 bliana d’aois Cuntas Reatha An Post Money a oscailt.
  2. Táillí idirbhirt fós i bhfeidhm.  Tar éis trí mhí, is ionann é agus €2 nó €4/mí in aghaidh an linbh, ag brath ar an bhfuil Cuntas Reatha An Post Money ag an tuismitheoir/caomhnóir.
  3. Liúntas rialta ar fáil do chustaiméirí Cuntas Reatha An Post Money amháin. Tógann íocaíochtaí liúntais rialta suas le 1 lá oibre le próiseáil m.sh. tiocfaidh íocaíocht atá sceidealta don Aoine isteach i gcuntas an linbh ar an Luan.
  4. Tá uasteorainn maidir le hidirbheart laethúil agus aistarraingt UMB i bhfeidhm.

 T&C i bhfeidhm

Tá táillí idirbhirt fós i bhfeidhm le linn tréimhse tairisceana saor in aisce 3 mhí. Tar éis 3 mhí, tá táille mhíosúil i bhfeidhm. Is é An Post a eisíonn Mastercard Dochair Chuntas Reatha An Post Money. Is trádmharc cláraithe é Mastercard, agus is trádmharc de chuid Mastercard International Incorporated é dearadh na gciorcal.
  
  Tá An Post údaraithe ag an Aire Airgeadais chun seirbhísí íocaíochta a sholáthar agus tá sé á rialú ag Banc Ceannais na hÉireann maidir le soláthar na seirbhísí sin.
  
  Is trádmharc de Chuid Apple Inc é App Store, atá cláraithe sna SA agus i dtíortha eile. Trádmharc de chuid Google LLC is ea Google Play.