An Post Money ina chuid de Scéim Iasachta CBSÉ um Uasghrádú Fuinnimh Tí, ag tairiscint Iasachtaí Ráta Seasta ar Chostas Íseal

20 Feabhra 2025

Tá iasachtaí ráta seasta ar chostas íseal á dtairiscint anois ag An Post Money trí Scéim Iasachta CBSÉ (Corparáid Baincéireachta Straitéiseach na hÉireann) um Uasghrádú Fuinnimh Tí, scéim a fhaigheann tacaíocht ón rialtas. Mar sin, tá sé níos éasca anois d’úinéirí tí a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú.

Cuireann an scéim seo iasachtaí ó €5,000 go €75,000 ar fáil ag rátaí seasta ag tosú
ag 3.69% (3.75% APR), le téarmaí ó 1 bhliain amháin go 10 mbliana. Ligeann sé seo do chustaiméirí a gcuid cúrsaí airgeadais a phleanáil go muiníneach agus feabhsuithe riachtanacha tí á ndéanamh.

Ní mór do chustaiméirí 75% ar a laghad den iasacht a úsáid chun feidhmíocht fuinnimh a dtithe a fheabhsú faoi 20% ar a laghad. Cuirtear iasachtaí ar fáil chun tacú le hoibreacha a fhaigheann
tacaíocht trí dheontais uasghrádaithe fuinnimh tí ó Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann (SEAI).

Dúirt Debbie Byrne, Stiúrthóir Bainistíochta An Post Money, “Tá táirgí iasachta An Post Money ag dul ó neart go neart le blianta beaga anuas. Léiríonn ár rannpháirtíocht sa Scéim Uasghrádaithe Fuinnimh Tí ár dtiomantas do spriocanna inbhuanaitheachta na hÉireann agus do chuidiú lenár gcustaiméirí a dtithe a dhéanamh níos teo, níos saoire agus níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol”.

Chun iarratas a dhéanamh, ní mór d’úinéirí tí dul i dteagmháil le hIonad Ilfhreastail, Comhpháirtí Fuinnimh, nó Comhordaitheoir Tionscadail Pobail atá cláraithe leis an Údarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann chun measúnacht fuinnimh tí agus plean uasghrádaithe a fháil
uathu. Nuair a bheidh measúnú déanta ar an teach agus Tuairisc Achomair ar Fhuinneamh Tí curtha ar fáil, is féidir leis na húinéirí tí iarratas a dhéanamh ansin ar iasacht um Uasghrádú Fuinnimh Tí chun cabhrú lena n-uasghráduithe fuinnimh a mhaoiniú. I measc na n-uasghráduithe incháilithe, tá insliú áiléir agus balla, caidéil teasa, agus nuair a chuirtear isteach mar chuid d'uasghrádú iomlán fuinnimh tí iad, is féidir grianphainéil a chur san áireamh chomh maith. Is féidir le hiarratasóirí ionchasacha a n-incháilitheacht a sheiceáil ag anpost.com/greenloans. 

Cabhraíonn rannpháirtíocht An Post Money sa scéim seo le custaiméirí billí fuinnimh a ísliú, tithe níos teo a chruthú agus a lorg carbóin a laghdú, rud a thacaíonn le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta na hÉireann. Chomh maith leis sin, cuireann an tionscnamh seo le tiomantas An Post Money cabhrú le custaiméirí a gcuid airgeadais a bhainistiú.


Cuireann an tairiscint nua seo le punann na n-iasachtaí ráta seasta atá ag An Post Money faoi láthair, ár n-iasachtaí le haghaidh feithiclí leictreacha ina measc. Tá méadú mór tagtha ar líon na n-iasachtaí atá a dtabhairt amach ag An Post Money, agus beagnach cúig oiread níos mó iasachtaí eisithe in 2024 i gcomparáid le 2020.