Forbhreathnú
In 2022, mhéadaíomar ár n-infheistíocht san Inbhuanaitheacht, agus chuireamar roinnt príomhthionscnamh nua i bhfeidhm faoin Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar SDG.
In 2022, mhéadaíomar ár n-infheistíocht san Inbhuanaitheacht, agus chuireamar roinnt príomhthionscnamh nua i bhfeidhm faoin Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar SDG.
Ag aithint go dteastaíonn infheistíocht shuntasach chun ár n-uaillmhianta inbhuanaitheachta a bhaint amach, tá sé beartaithe againn €100m a chaitheamh ar chaiteachas caipitil inbhuanaitheachta faoi 2025. I ngach ceann dár gcláir chaipitil, is ábhar mór speise dúinn a chinntiú go ndéantar measúnú criticiúil ar ár sócmhainní caipitil ó thaobh na hinbhuanaitheachta de. Bíonn riachtanais agus caiteachas caipitil leanúnach An Post idir €25m agus €40m in aghaidh na bliana. Tá clár caipitil suas le € 250m faoi 2030 i gceist inár bplean straitéiseach. Áirítear ar ár gcláir chaipitil réadmhaoin, feithiclí, TF agus sócmhainní eile. Ó 2018 i leith, tá €25m caite againn ar chaiteachas caipitil inbhuanaitheachta. Chuimsigh sé seo infheistíocht i bhfeithiclí leictreacha chun ár bhflít, ár dteicneolaíocht agus roinnt tionscnamh inbhuanaitheachta eile a dhícharbónú laistigh dár bpunann réadmhaoine, lena n-áirítear painéil ghréine agus insliú a shuiteáil.
Cé gur ceannródaí muid maidir le feithiclí leictreacha a rolladh amach inár bhflít tráchtála éadrom, táimid fós ag táirgeadh os cionn 10,000 tonna carbóin trínár bhFeithiclí Earraí Troma (HGVanna) agus tá athrú ó bhonn a dhéanamh ar an bhflít seo ar cheann de na dúshláin is mó atá againn inár straitéis dícharbónaithe. Mar réiteach eatramhach, agus tar éis an rath ar bhí ár dtriail le hola glasraí hidreachóireáilte (HVO) mar bhreosla do 5 HGV i nGaillimh in 2021, leathnaíomar an tionscnamh in 2022 go 12 HGV i gCorcaigh. Is breosla in-athnuaite é HVO a dhéantar as olaí agus saillte dramhaíola deimhnithe agus léirigh sé torthaí den scoth gan aon deacrachtaí feidhmíochta. Ó na trialacha HVO i nGaillimh agus i gCorcaigh tá na nithe seo aimsithe againn:
Úsáideann HVO 0.5 lítear breosla níos lú in aghaidh an 100 km ar an meán ná a choibhéis díosail.
• Tá laghdú 91.8% tagtha ar astaíochtaí carbóin i bhflít na trialach, i gcomparáid le breosla díosail.
In 2022 sheolamar stampa digiteach, an chéad stampa dá leithéid ar domhan, agus ba dul chun cinn mór é i seirbhísí poist digiteacha. Is féidir an “stampa” seo a cheannach trí aip An Post agus cuirtear cód uathúil ar fáil don chustaiméir a scríobhtar de láimh ansin ar an gclúdach litreach. Chabhraigh an nuálaíocht dhigiteach seo le freastal ar éilimh athraitheacha ár gcustaiméirí a dteastaíonn táirgí áisiúla uathu a oibríonn do chách. Ó Dheireadh Fómhair 2022, baineadh úsáid as an stampa digiteach níos mó ná 59,000 uair rud a léiríonn ar an tábhacht a bhaineann le táirge gan pháipéar atá éasca le húsáid a bheith á sholáthar ag An Post
Cuireann An Post bainisteoir seachadtaí ar fáil do chustaiméirí atá logáilte isteach anois, ar a dtugtar “mo chuid seachadtaí”. Ligeann sé do chustaiméirí áit shábháilte a roghnú le haghaidh seachadtaí, rud a chumasaíonn seachadadh den chéad uair do chustaiméirí in áit dá rogha féin. Is féidir le custaiméirí a bpróifíl ar líne a úsáid freisin chun an post a sheoladh ag baint úsáide as “cliceáil agus postáil” agus an íocaíocht a thabhairt chuig Oifig an Phoist, áit a ngreamaítear lipéad den earra ag cuntar Oifig an Phoist, ionas nach gá é a phriontáil i dteach an chustaiméara. In 2022 sheolamar leagan nua de “foláireamh poist” freisin a sholáthraíonn am seachadta measta, chun cabhrú le custaiméirí a lá a phleanáil.
Is tionscadal seachadta “míle deireanach” idirnáisiúnta é SENATOR idir An Post, Correos, cathair Zaragoza na Spáinne, agus Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, arna mhaoiniú ag clár Horizon 2020 an Choimisiúin Eorpaigh. Tá sé mar aidhm ag an tionscadal, atá sa tríú bliain anois, bailiúcháin agus seachadtaí lasta a bharrfheabhsú chun líon na bhfeithiclí seachadta a thagann isteach i gcathracha na hEorpa a laghdú. Tá sé seo ag teacht leis an uaillmhian atá leagtha amach i bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2023, chun ról agus suíomh na moil lóistíochta agus na n-ionad comhdhlúthaithe a mheas chun comhtháthú níos mó agus roghanna malartacha ísealcharbóin a chumasú le haghaidh seachadadh “an mhíle deireanach”. Rinne An Post ionadaíocht do chohórt SENATOR na hÉireann ag comhdháil Dhomhanda Global Mobility le comhoibriú a chur chun cinn agus cur le forbairt na soghluaisteachta inbhuanaithe i gcathracha agus i gceantair thuaithe.
Leanann An Post lena rannpháirtíocht i dtionscadal CityxChange Luimneach a bhfuil sé mar aidhm aige bloc fuinnimh dearfach a chruthú sa Cheathrú Seoirseach i gCathair Luimnigh. In 2022 chuireamar an t-uasghrádú go LED i gcrích ar an soilsiú go léir, le laghdú 6,000 kWh ar ár dtomhaltas fuinnimh. In 2023 tá gealltanas tugtha againn 10kW d'fhuinneamh na gréine a shuiteáil agus páirt a ghlacadh sa chéad mhargadh micrea-ghiniúna in Éirinn mar chuid den tionscadal seo. Cuirfidh sé seo ar ár gcumas laghdú breise a bhaint amach ar úsáid fuinnimh ón eangach leictreachais agus aon fhuinneamh breise a ghintear a roinnt lenár gcomharsana áitiúla, agus an caillteanais fuinnimh san eangach mar gheall ar chaillteanais tarchuir a laghdú.