Skip to main content
Image looking down on a group of An Post employees holding giant letters which spell the word 'Change'.

Gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe

Gníomhú ar son na haeráide

Forbhreathnú

Táimid tiomanta do thionchar dearfach a imirt ar ár bpobail trí
 dheiseanna laethúla a chruthú chun gnáthrud a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe
do gach duine in Éirinn.

In 2022 ba sinne an chéad ghnó in Éirinn a ghlac roinnt gealltanas mar chuid de thionscnamh “Beat the Peak” ESB Networks, mar ar chuireamar roinnt beart i bhfeidhm thar thréimhse an gheimhridh chun ár mbuaic-ídiú leictreachais a laghdú go suntasach, agus ag an am céanna ár seirbhísí a chothabháil go hiomlán le linn an ama is gnóthaí den bhliain. Rinneamar laghdú 34MWh ar ár n-éileamh leictreachais le linn buaic-am úsáide náisiúnta 5pm go 7pm idir an 10 Samhain agus an 30 Nollaig, rud a sháraigh ár sprioc de 30 MWh, le tionscnaimh mar a leanas:
  • Córais téimh uathoibrithe inár n-oifigí a theorannú go 19 gcéim Celsius agus socrú den chineál céanna a fhorbairt do chórais láimhe.
  • Sceidil athluchtaithe ár EVanna a scaradh amach ionas nár luchtaíodh ach 50% den fhlít idir 5pm agus 7pm.
  • Múchadh gach trealamh agus teicneolaíocht neamhriachtanach in Oifigí Poist, in iostaí poist agus i bhfoirgnimh eile, amhail Ard - Oifig an Phoist, go hiomlán thar oíche (i.e. níor fágadh ar chúltaca iad) agus múchadh gach soilsiú maisiúil (i.e. neamhshlándáil nó oibríochtúil) ag 6pm.
  • Spreagamar ár 9,000+ fostaí freisin chun páirt a ghlacadh sa dúshlán intíre “Beat the Peak ”, ag cabhrú linn go léir lorg a fhágáil ar féidir linn a bheith bródúil as.
You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service