Skip to main content
Image looking down on a group of An Post employees holding giant letters which spell the word 'Change'.

Gnáthrud a dhéanamh den Mhaireachtáil inbhuanaithe

Inbhuanaitheacht Tionscal, Nuálaíocht agus Bonneagar 


Forbhreathnu

 

Táimid tiomanta do thioncnuhar dearfach a imirt ar ár bpobail trí
deiseanna laethúla a chruthú chun rud coitianta a dhéanamh den mhaireachtáil inbhuanaithe
do gach duine in Éirinn. In 2021: 
• Suiteáladh luchtairí gasta le haghaidh rochtana pobail ar ár líonra luchtaithe EV ag dhá cheann dár réadmhaoine, i gCeatharlach agus i Loch Garman. Ó suiteáladh iad, chuir na luchtairí tapa 3,370 kWh de leictreachas glas ar fáil don phobal chun a gcuid carranna a chumhachtú. 
• Cuireadh Bainisteoir Airgid (uirlis bhuiséid um bainistíocht airgeadais phearsanta) isteach in aip An Post Money chun cabhrú le custaiméirí smacht a fháil ar a gcuid airgid arís. Bhain níos mó ná 50% d'úsáideoirí ár n-aipeanna úsáid as an uirlis, rud a chuir ar a gcumas sracfhéachaint a fháil agus teorainneacha buiséid a leagan síos dá gcaiteachas de réir catagóire, a gcaiteachas a chatagóiriú agus léargas a fháil ar conas is féidir leo a gcaiteachas a bhainistiú níos fearr. 
• Feabhas a chur ar ár straitéis PUDO (Pioc Suas agus Fág): De réir mar a tháinig Éire amach as an dianghlasáil agus de réir mar a d'fhill tomhaltóirí ar a n-ionaid oibre in 2022, ní fhéadfaí seachadadh céaduaire a bhaint amach i gcónaí. Ansin bíonn ar chustaiméirí taisteal chuig ár n-aonaid seirbhíse seachadta chun a n-earra a bhailiú. D'fhonn seirbhís níos áisiúla agus níos inbhuanaithe a thairiscint dár gcustaiméirí, le pointí bailithe níos gaire dá dtithe, chomh maith le hamanna oscailte Dé Sathairn, bhaineamar triail as seachadtaí a cailleadh a atreorú chuig Oifigí Poist

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service