Skip to main content
Stylised image of hands holding a clear globe set against a backdrop of ferns and foliage.

Ag breathnú chun cinn

Tomhaltas agus táirgeadh freagrach

Forbhreathnú


Tá céimeanna tábhachtacha glactha againn maidir Táirgeadh agus Tomhaltas Freagrach le 12 mhí anuas. Chomh maith le leanúint lenár dtograí, beidh na nithe seo a leanas ina bpríomhréimsí fócais do 2023 agus ina dhiaidh sin:
 

Ag breathnú chun cinn ar 2023 agus ina dhiaidh sin

Image Alt Text

Geilleagar ciorclach

 

  • Leanúint orainn ag fiosrú conas ár lorg comhshaoil a laghdú agus luach níos mó a bhaint as ár dtáirgí agus ár n-airíonna d'fhonn tacú le prionsabail geilleagair chiorclaigh.
  • Déanfar iniúchadh ar conas is féidir athearraíocht a bhaint as ceallraí feithiclí leictreacha díchoimisiúnaithe chun leictreachas a stóráil ó phainéil ghréine.
  • Leanfar ar aghaidh ag fiosrú conas is féidir linn éide iomarcach a uaschúrsáil.
  • Leathnófar úsáid ár bhfotháirge bithdhíleáite chuig suíomhanna eile de chuid An Post.
  • Déanfar iniúchadh ar chomhpháirtíochtaí chun ár dtrealamh TF a uaschúrsáil ag deireadh saoil chun athearraíocht nó athúsáid a bhaint as.
  • Déanfar iniúchadh ar roghanna do throscán iomarcach atá ann mar gheall ar ár n-aistriú chuig ceanncheathrú nua.
  • Déanfar suirbhé ar an bpacáistíocht aon úsáide a úsáideann ár soláthraithe lónadóireachta chun laghdú breise a dhéanamh ar dhramhaíl. 

Image Alt Text

Dramhaíl

  • Seolfar pacáistiú in-athúsáidte a mbeidh dhá stiall ghreamaitheacha ann ach ar féidir é a athúsáid arís agus arís eile le lipéad nua a cheannaítear in Oifig an Phoist. D'fhéadfaí na lipéid sin a úsáid freisin le haghaidh pacáistíochta réamhíoctha atá ann cheana, d’fhonn athúsáid a chumasú agus dramhaíl a laghdú.
  • Leanfar ar aghaidh ag plé leis an EPA maidir le ceadúnas bainistíochta dramhaíola a bhaint amach do thionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh.
  • Cinnteofar go bhfuil ár gcóras bainistíochta dramhaíola san fhoirgneamh EXO deartha chun cabhrú linn ár rátaí athchúrsála a mhéadú agus a chinntiú go mbailítear agus go ndiúscraítear dramhaíl leictreonach i gceart.
  • Cloífear le deimhniú LEED le cinntiú go mbeidh 15% de na hábhair a úsáidtear i bhfeistiú ár n-oifigí i bhfoirgneamh EXO ó fhoinsí athchúrsáilte nó go bhfuil deimhniú FSC acu. 

Image Alt Text

Bithéagsúlacht

  • Leanúint ar aghaidh ag fiosrú an tírdhreachú is oiriúnaí dár láithreáin agus conas is féidir linn tomhas na bithéagsúlachta a fheabhsú.
  • Seolfar feachtas chun fostaithe a spreagadh le bheith páirteach i gcláir mhonatóireachta an Ionaid Náisiúnta Sonraí Bithéagsúlachta chun na sonraí agus an fhaisnéis bhithéagsúlachta atá ar fáil a mhéadú.
  • Suirbhéanna bunlíne a dhéanamh i bpríomhláithreáin chun a fháil amach cad iad na speicis ainmhithe, éan agus feithidí atá iontu agus an bealach is fearr chun iad a spreagadh chomh maith lena chinntiú nach gcuireann aon tírdhreachú isteach orthu.

Image Alt Text

Soláthar inbhuanaithe

  • Raon feidhme na hinbhuanaitheachta a leathnú laistigh dár bpróisis soláthair trí inrochtaineacht, éagsúlacht agus ionchuimsiú a chur san áireamh laistigh den phróiseas pleanála réamhsholáthair, nuair is cuí. Spreagfaidh sé seo comhráite maidir le riachtanais bhreise nó shonracha chustaiméirí, fhostaithe agus phobail a bheadh ag teacht ar na hearraí agus na seirbhísí atá á bhfáil nó á n-úsáid. 

You've exceeded the maximum login attempts
Your account has been locked for 30 minutes to prevent fraudulent activity
Your session has timed out
Would you like to log in again to continue?
Marketing Preferences

We have updated our Marketing preferences to give a customised experience of when and how we can contact you.

Let's stay in touch

Get the latest offers and news from the An Post group of companies by:

We have updated our terms of service