Gnóthachtálacha 2022
Tá níos mó á dhéanamh againn in An Post ná tiomantais a dhéanamh agus pleananna a chruthú. Tá gníomhartha á seachadadh againn chun inbhuanaitheacht a fheabhsú agus i measc na nithe a bhaineamar amach in 2022 tá:

An Bhearna Phá inscne curtha ar ceal
Coinníodh an Bhearna Phá Inscne ag nialas don dara bhliain as a chéile

Astuithe Carbóin
Laghdú 12% bliain ar bhliain ar astuithe carbóin, 35% ó 2009 i leith.

Éifeachtúlacht flít
Tá 30.8% dár bhflít ag rith ar fhoinsí malartacha breosla

Éifeachtúlacht Fuinnimh
Chomhlíonamar ár sprioc um an soilsiú go léir a athsholáthar le soilsiú éifeachtúla fuinnimh faoi 2022.

Dramhaíl nialasach
Dramhaíl nialasach chuig láithreacha líonadh talún don 5ú bliain as a chéile

Gradaim RepTrak Éireann 2022
Ainmnithe ar cheann de na heagraíochtaí is creidiúnaí in Éirinn i staidéar RepTrak® 2022 na hÉireann

Síntiúis Charthanais
Bailíodh os cionn €2.1m i síntiúis charthanais don Úcráin agus don Chraoslach trínár líonra Oifigí Poist

Tacaíocht don Úcráin
Thug tacaíocht do theifigh ón Úcráin atá ag teacht go hÉirinn

Laghdú ar Úsáid Leictreachais
Gnó tionscnaimh Éireannach le clárú don togra “Beat the Peak” le húsáid leictreachais a laghdú ó 5pm go 7pm

Measúnú Rioscaí
Rinneadh an chéad mheasúnú dá chineál in Éirinn ar thionchair agus spleáchais ar an dúlra agus ar na rioscaí agus na deiseanna bainteacha atá ann don ghnó

Clár Rannpháirtíochta na bhFostaithe
An chéad chuideachta in Éirinn creidiúnaithe le clár rannpháirtíochta fostaithe ar inbhuanaitheacht a reáchtáil

Tomhas agus Bainistiú
Rangaithe sa tríú háit ar domhan ar Chóras Tomhais agus Bainistithe Inbhuanaitheachta na Corparáide Idirnáisiúnta Poist